You are here: Baile arrow Seirbhísí Corparáideacha

Fáilte go dtí Seirbhísí Corparáideacha

Ról tacaíochta don Mhéara agus do Chomhaltaí Tofa na Comhairle, i bhfeidhmiú a feidhmeanna, an príomhról atá ag an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha.

Tá freagrachtaí riaracháin i leith an Bhainisteora agus na Foirne Bainistíochta Corparáidí mar chúram ar an rannóg freisin agus tá sí chun cinn sa phróiseas a bhaineann le nuachóiriú an údaráis áitiúil seo, le feabhsúcháin i gcúrsaí cumarsáide, oibríochtaí agus éifeachtachta sa soláthar seirbhíse do Chustaiméirí. Is í a bhíonn i mbun comhordú nuair a bhíonn Plean Corparáideach na Comhairle á chur i dtoll a chéile agus i mbun monatóireachta nuair a bhíonn na haidhmeanna le cur i bhfeidhm.

Is den riachtanas go mbeadh dea-chumarsáid in aon mhóreagraíocht agus chuige sin díríonn an rannóg isteach go mór ar an gcaidreamh lenár gcustaiméirí. Úsáidimid feidhmchláir atá cumasaithe don ghréasán agus atá bunaithe ar Theicneolaíocht na Faisnéise chomh maith le foilseacháin reachtúla, ciorcláin agus nuachtlitreacha chun idirchaidreamh agus aiseolas a spreagadh.

Bíonn Seirbhísí Corparáideacha gníomhach chomh maith i gcur chun cinn na Comhairle agus tá caidreamh maith againn lenár dteagmhálacha sna meáin maidir le déileáil le fiosruithe faoi ábhair gur díol spéise iad ach freisin maidir le hábhar bolscaireachta a sholáthar go leanúnach i roinnt mhaith formáidí éagsúla.

Bainistíonn Seirbhísí Corparáideacha Ócáidí Cathartha agus feidhmeanna na Comhairle mar chuid den ról bolscaireachta atá faoinár gcúram.




Nuacht

Nuacht