Tá cothabháil a dhéanamh ar líonra reatha na mbóithre poiblí agus na bóithre a choinneáil i ndea-chaoi ar cheann de na freagrachtaí atá le comhlíonadh ag Rannóg na mBóithre. Tá carrbhealaí, teorainneacha, cosáin choisithe agus colbhaí mar chuid de líonra na mbóithre poiblí. I measc na bhfreagrachtaí eile atá ar Rannóg na mBóithre tá pleanáil, dearadh agus tógáil bóithre nua agus mótarbhealaí, soilsiú poiblí, bearta bainistíochta tráchta lena n-áirítear foráil do shábháilteacht an tráchta agus seirbhís mhaor scoile a fheidhmiú.
Ó tharla go dtuigeann Rannóg na mBóithre sa Chomhairle an fíorthábhacht atá le líonra fónta de bhóithre poiblí maidir le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta de is é atá mar bheartas aici líonra na mbóithre a bheith ar chaighdeán réasúnta maith trí thógáil agus trí athailíniú, trí chothabháil/trí dheisiú dóthanach tráthúil a dhéanamh de réir cláir a bheadh beartaithe agus bearta cuí bainistíochta tráchta a sholáthar chun a chinntiú go mbeadh an t-iompar ar na bóithre éifeachtach agus sábháilte d'úsáideoirí uile na mbóithre.
Seo a leanas an rangú atá ar an líonra bóithre atá againn:
- Bóithre Náisiúnta (5) 55 km
- Bóithre Réigiúnacha (22) 103 km
- Bóithre Áitiúla (2,400) 689 km
Iomlán: 847 km
Déileálann Rannóg Airgeadais na mBóithre le próiseáil sonrasc ionas go n-íocfar iad trí chóras Agresso, le héilimh mhíosúla a ullmhú i gcomhair aisghabháil airgid ó dheontais ón Údarás um Bóithre Náisiúnta, Oifig Iompair Átha Cliath agus ón Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil. Áirítear ar na tascanna eile fógraí tairiscintí a chur amach, íocaíocht na bpánna, rialú buiséid, Meastacháin, Ráiteas Bliantúil Airgeadais a ullmhú, conarthaí bliantúla le haghaidh gléasra agus ábhar ar cíos a ullmhú, mionchonarthaí, gléasra a fháil ar cíos do Ranna uile na Comhairle, agus sonraisc a eisiúint i ndáil le hoibreacha a rinneadh ar bhonn aisíocaíochta do ranna eile na Comhairle agus do chomhlachtaí lasmuigh. Ní mór cloí le rialuithe dochta maidir le bainistíocht airgeadais agus rialú na gcistí a leithdháladh ar scéimeanna tógála.
Rinneadh gach uile iarracht chun cruinneas an ábhair atá ar an suíomh gréasáin seo a chinntiú ach ní féidir ráthaíocht a thabhairt ar chruinneas iomlán. Ní ghlacfaidh Comhairle Contae Átha Cliath Theas ná an t-údar (na húdair) aon fhreagracht ar bhealach ar bith as caillteanas ná damáiste ar bith a bhain nó a éilítear a bhain, i bpáirt nó go hiomlán, de bharr gníomh, nó staonadh ó ghníomh, duine ar bith, mar thoradh ar ábhar ar bith a bheadh ar an suíomh gréasáin seo.
Bóithre & Trácht - Nuacht
- Trácht ar an M50 Má tá nuacht agus eolas uait faoi oibreacha ar an M50 cliceáil anseo le dul go dtí leathanach shuíomh gréasáin AA Roadwatch. Tá eolas le fáil freisin maidir leis an sceideal tógála ar an.....
- Fógraí
- Fógraí poiblí agus tairiscintí
Tuairimí nó Moltaí? Ba mhian linn aiseolas a fháil uait, le do thoil
Déan teagmháil linn4149000 an uimhir theileafóin atá ag Bóithre. Gheobhaidh tú eolaire na n-uimhreacha teileafóin faoi: Déan teagmháil linn
Nuacht
Nuacht
- Leabhar Comhbhróin Ar Líne
Tá Leabhar Comhbhróin Ar Líne ar fáil anois dóibh siúd atá ag iarraidh a comhbhrón a chuir in iúl do dhaoine na Polainne ar bhás tragóideach an tUachtarán Lech Kaczynski, a bhean cheile, Maria, …. - Dréachtphlean Oidhreachta do Chontae Átha Cliath Theas
Tá Dréachtphlean Oidhreachta réitithe agus ar fáil faoi láthair chun breathnú air nó trácht a dhéanamh air. Cuirfear fáilte roimh aighneachtaí i scríbhinn go dtí4pm ar an 30... - Seachtain Éiceolaíochta
Ábhar bróid do Chomhairle Contae Átha Cliath Theas a séú Seachtain Éiceolaíochta bhliantúil a fhógairt i mbliana i gcomhpháirt le Leabharlanna Chontae Átha Cliath Theas. Tá ... - Bruscar agus an Dlí: Treoir
Tá treoir áisiúil eisithe ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas faoi Bhruscar agus an Dlí Bíodh na freagrachtaí atá ort maidir le gníomhú in aghaidh an bhruscair ar eolas ag...

Bóithre 