Cuimsiú Sóisialta
Tá Comhairle Contae Átha Cliath Theas ag obair chun deireadh a chur le míbhuntáiste agus chun an caighdeán saoil atá ag na háitritheoirí go léir sa chontae a fheabhsú, go háirithe do phobail faoi mhíbhuntáiste, do dhaoine míchumasaithe agus do spriocghrúpaí iomchuí eile. Is í an aidhm atá ag an aonad a gcuid cuspóirí a chur chun cinn trí chomhoibriú le comhlachtaí reachtúla agus deonacha, grúpaí pobail agus Bord Forbartha Contae Átha Cliath Theas. Is í Maria Finn an tOifigeach um Chuimsiú Sóisialta
Seo a leanas na cuspóirí atá ag an Aonad:
· Feasacht ar chuimsiú sóisialta a chur chun cinn, trí chláir oiliúna, cur i láthair agus eolas.
- Eolas a scaipeadh ar na scoileanna in Áth Cliath Theas agus cur leis an tuiscint ar chuid de na saincheisteanna a ghabhann leis an mbochtaineacht agus leis an éagothroime atá inár sochaí.
- An tSeachtain faoin bhFeasacht ar Chuimsiú Sóisialta de chuid Chontae Átha Cliath Theas a chur chun cinn agus a thuilleadh fós a chur léi.
- Teicneolaíocht a chur chun cinn i measc na bpobal nua atá againn agus i measc na ndaoine míchumasaithe.
- Tacú leis an Údarás Áitiúil chun an tseirbhís chuimsitheach is fearr is féidir a sholáthar dár gcustaiméirí go léir i gContae Átha Cliath Theas.
- Tacú le Foghrúpa an Bhoird Forbartha Contae do Bhearta don Chuimsiú Sóisialta chun na príomhghníomhaíochtaí a sholáthar .
- Leanúint de bheith ag cur reachtaíochta comhionannais i bhfeidhm trí bheartais i ndáil le cur chun cinn an chomhionannais.
- Páirt a ghlacadh i Líonra Chontae Átha Cliath Theas don Chuimsiú Sóisialta agus feabhas a chur air.
- Deiseanna nua nuálacha a aithint chun aghaidh a thabhairt ar eisiamh sóisialta ag féachaint don Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta.
- Comhoibriú le Comhairle na nÓg chun cuimsitheacht a chur chun cinn agus chun daoine óga a spreagadh chun cead cainte a bheith acu maidir le todhchaí a gcontae.
- Sonraí cothrom le dáta a úsáid chun próifíl na bochtaineachta sa chontae a fhorbairt.
- Ócáidí a eagrú agus cuimsiú sóisialta mar théama acu.
Nuacht
Nuacht
- Leabhar Comhbhróin Ar Líne
Tá Leabhar Comhbhróin Ar Líne ar fáil anois dóibh siúd atá ag iarraidh a comhbhrón a chuir in iúl do dhaoine na Polainne ar bhás tragóideach an tUachtarán Lech Kaczynski, a bhean cheile, Maria, …. - Dréachtphlean Oidhreachta do Chontae Átha Cliath Theas
Tá Dréachtphlean Oidhreachta réitithe agus ar fáil faoi láthair chun breathnú air nó trácht a dhéanamh air. Cuirfear fáilte roimh aighneachtaí i scríbhinn go dtí4pm ar an 30... - Seachtain Éiceolaíochta
Ábhar bróid do Chomhairle Contae Átha Cliath Theas a séú Seachtain Éiceolaíochta bhliantúil a fhógairt i mbliana i gcomhpháirt le Leabharlanna Chontae Átha Cliath Theas. Tá ... - Bruscar agus an Dlí: Treoir
Tá treoir áisiúil eisithe ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas faoi Bhruscar agus an Dlí Bíodh na freagrachtaí atá ort maidir le gníomhú in aghaidh an bhruscair ar eolas ag...

Cuimsiú Sóisialta