Fáilte chuig Leathanach Baile na Rannóige Pleanála
Is í fís na Rannóige Pleanála pleanáil den chaighdeán is airde agus forbairt inbhuanaithe an Chontae uathúil seo a éascú agus a chur chun cinn agus na saoránaigh a bheith chomh rannpháirteach is is féidir é ina fhorbairt fhisiceach, eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha.
Tá sé i gceist ag an Rannóg Pleanála dea-phleanáil a chur i gcrích sa chontae trí úsáid a bhaint as an bPlean Forbartha Contae, trí chinntí a dhéanamh ar iarratais ar cheadúnas pleanála, trí fhorbairt leanúnach a rialú agus trí chaighdeáin a chur i bhfeidhm.
Is é an cuspóir atá againn leis an suíomh gréasáin é a bheith chomh héasca is is féidir é ag daoine aon eolas atá uathu a fháil.
- Féadfaidh tú féachaint ar leagan amach an tsuímh ghréasáin chun teacht ar an eolas atá uait. Cliceáil ar an gcnaipe ar clé: Mapa Shuíomh Gréasáin na Rannóige Pleanála.
- Gné eile atá ar an meirge ar bharr leathanach tosaigh an tsuímh is ea an cnaipe CCanna - Ceisteanna Coitianta. Treoróidh sé sin tú chomh maith chuig an eolas atá uait.
Má tá an comhad atá uait ar fáil ar líne is féidir leat an comhad pleanála a chuardach ar do ríomhaire pearsanta agus é a thógáil anuas nó é a phriontáil saor in aisce ónár suíomh gréasáin. Tá gach iarratas pleanála a fuarthas ó mhí Eanáir 2000 le fáil ar Iarratais Phleanála . Mura bhfuil an comhad a bhfuil suim agat ann le fáil ar líne nó mura bhfuil teacht agat ar an idirlíon tabhair faoi deara, le do thoil, go mbíonn an Cuntar Pleanála ar oscailt ón 9 r.n. go dtí 4 i.n. (oscailte le linn am lóin) agus is féadfaidh tú iarraidh breathnú ar chomhad ag an gcuntar. Tá an Rannóg Pleanála suite ar Urlár na Talún i Halla an Chontae i dTamhlacht agus oiriúnach do chathaoireacha rothaí.
Féach anseo thíos, le do thoil, le haghaidh sonraí táillí a bhaineann le doiciméid Phleanála:
TÁILLÍ AGUS MUIRIR EILE NA RANNÓIGE PLEANÁLA
Tuairisc | Táille | Nóta |
Cóip den Chinneadh | €9.00 | |
Ag Cuardach an Chomhaid | €30.00 | Le haghaidh comhaid coinnithe thar 5 bliana |
Cóipeanna as na Comhaid Phleanála (ar fáil saor in aisce ar an Idirlíon faoi: Comhaid Phleanála ) | Doiciméid A4 –75c an leathanach A3 - €1.00 A2 - €4.00 A1 - €6.00 A0 - €10.00 | |
Cóip den Phlean Forbartha | Ráiteas Scríofa €100.00 Mapaí €25.00 an ceann |
Rinneadh gach uile iarracht chun cruinneas an ábhair atá ar an suíomh gréasáin seo a chinntiú ach ní féidir ráthaíocht a thabhairt ar chruinneas iomlán. Ní ghlacfaidh Comhairle Contae Átha Cliath Theas ná an t-údar (na húdair) aon fhreagracht ar bhealach ar bith as caillteanas ná damáiste ar bith a bhain nó a éilítear a bhain, i bpáirt nó go hiomlán, de bharr gníomh, nó staonadh ó ghníomh, duine ar bith, mar thoradh ar ábhar ar bith a bheadh ar an suíomh gréasáin seo.
Tuairimí nó Moltaí
Tuairimí nó Moltaí? Ba mhian linn aiseolas a fháil uait, le do thoil
Nuacht
Nuacht
- Leabhar Comhbhróin Ar Líne
Tá Leabhar Comhbhróin Ar Líne ar fáil anois dóibh siúd atá ag iarraidh a comhbhrón a chuir in iúl do dhaoine na Polainne ar bhás tragóideach an tUachtarán Lech Kaczynski, a bhean cheile, Maria, …. - Dréachtphlean Oidhreachta do Chontae Átha Cliath Theas
Tá Dréachtphlean Oidhreachta réitithe agus ar fáil faoi láthair chun breathnú air nó trácht a dhéanamh air. Cuirfear fáilte roimh aighneachtaí i scríbhinn go dtí4pm ar an 30... - Seachtain Éiceolaíochta
Ábhar bróid do Chomhairle Contae Átha Cliath Theas a séú Seachtain Éiceolaíochta bhliantúil a fhógairt i mbliana i gcomhpháirt le Leabharlanna Chontae Átha Cliath Theas. Tá ... - Bruscar agus an Dlí: Treoir
Tá treoir áisiúil eisithe ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas faoi Bhruscar agus an Dlí Bíodh na freagrachtaí atá ort maidir le gníomhú in aghaidh an bhruscair ar eolas ag...

Pleanail 