You are here: Baile arrow Páirceanna

Páirceanna

Tá Comhairle Contae Átha Cliath Theas tiomanta a taitneamhachtaí fisiceacha agus nádúrtha a chaomhnú agus iad a fhorbairt go hinbhuanaitheach, teacht a bheith orthu agus a oiread caithimh aimsire is is féidir é a bhaint astu ach san am céanna na hacmhainní comhshaoil atá sa chontae a chosaint.

Is acmhainn thar a bheith luachmhar iad na páirceanna, na spásanna oscailte agus na himill bhóithre tírdhreachaithe atá i gContae Átha Cliath Theas mar áiseanna do chaitheamh aimsire - gníomhach agus sámh. Treisíonn siad an áilleacht agus an comhshaol agus bíonn caighdeán saoil níos fearr ag saoránaigh agus ag cuairteoirí araon dá bharr sin.

Tá lear mór páirceanna poiblí agus spásanna oscailte ag an gComhairle agus tá os cionn 4,000 acra díobh faoi chúram na Rannóige Páirceanna. Áirítear orthu sin i gcoitinne na trí pháirc mhóra réigiúnacha, Páirc Thigh Motháin i dTamhlacht; Páirc Chorcaí i gCluain Dolcáin; Páirc Ghleann an Ghrifín i Leamhcán agus tuairim is 50 páirc chomharsanachta. Tá go leor spásanna oscailte poiblí in eastáit tithíochta éagsúla ar fud an Chontae chomh maith.
Bíonn Foireann na Rannóige Páirceanna páirteach i raon leathan gníomhaíochtaí a bhaineann le pleanáil agus dearadh agus le forbairt agus bainistíocht a dhéanamh ar pháirceanna agus ar spásanna oscailte chomh maith le comhairle a chur ar rannóga eile, go háirithe ar an Rannóg Pleanála faoi iarratais phleanála. Áirítear fuaráin, líonraí cosán do choisithe, páirceanna peile agus áiteanna súgartha do leanaí ar roinnt de na saoráidí a chuirtear ar fáil agus a ndéanann an rannóg páirceanna cothabháil orthu. Déanann an rannóg cothabháil chomh maith ar chrainn a bhíonn ag fás ar shráideanna, ar imill bhóithre ar feadh príomhbhóithre, ar chlaífoirt agus ar thimpealláin tírdhreachtaithe.





Nuacht

Nuacht