You are here: Baile arrow Teicneolaíocht na Faisnéise

Teicneolaíocht na Faisnéise

Tá Rannóg Theicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide freagrach as gach uile ghné bainteach le Ríomhairí agus le Teicneolaíocht na Faisnéise a phleanáil go straitéiseach, a chomhordú agus a chur i bhfeidhm. Tá sí freagrach freisin as na hearraí a bhaineann le cúrsaí ríomhairí a cheannach. Chun cabhrú le Rannóg Theicneolaíocht na Faisnéise a clár oibre a bhaint amach téitear i gcomhairle le rannóga eile ar mhaithe le beartas a fhorbairt.
Tá lánpháirtíocht iomlán ag Rannóg Theicneolaíocht na Faisnéise i gcóras bainistíochta na Comhairle ní hé amháin mar go bhfuil ionadaíocht aici ar an bhFoireann Bainistíochta ach freisin mar gur rannpháirtí gníomhach í sa Chnuasghrúpa um Athrú Eagraíochtúil agus Nuachóiriú na Foirne Bainistíochta ar a bhfuil sé de chúram an Chomhairle a neartú ó thaobh eagrúcháin de.
Tá an Rannóg roinnte i bhfoirne mar seo a leanas:- Tionscadail Straitéiseacha, Seirbhísí don Infreastruchtúr Spásúlachta, Forbairt agus Dearadh Feidhmchlár, Seirbhísí Infreastruchtúir, Forfheidhmiú agus Oiliúint Straitéiseach, Tionscadal NASCADH.





Nuacht

Nuacht