You are here: Baile arrow Airgeadas

Airgeadas

Airgeadas

Réamhrá

Tá an Rannóg Airgeadais freagrach as oibríochtaí na Comhairle, a bhaineann le cúrsaí Ioncaim agus Caipitil araon, a mhaoiniú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma. Bíonn monatóireacht agus rialú ar ioncam agus ar chaiteachas i ngach réimse, riachtanais iasachtaí agus léasanna fadtéarmacha a shocrú agus cistí barrachais a infheistiú i gceist leis sin.

Tá sé de chúram uirthi chomh maith cuntas a choinneáil go laethúil ar an airgead go léir a d'íoc an Chomhairle nó a íocadh leis an gComhairle. Íoctar ioncam nó caiteachas laethúil na Comhairle as foinsí ar nós na Rátaí Tráchtála, Muirir Thráchtála Uisce, Deontais Rialtais agus cineálacha éagsúla eile ioncaim ar nós cíosanna tithe, táillí ar iarratais pleanála agus araile. Bíonn an méid airgead caipitil a bhíonn ar fáil ag brath ar leithdháiltí ón Rialtas i réimsí cosúil le Tithíocht, Bóithre agus Seirbhísí Comhshaoil agus araile.





Nuacht

Nuacht