Fáilte chuig Forbairt Eacnamaíoch
Tá ról tábhachtach ag an Rannóg um Fhorbairt Eacnamaíoch san fhorbairt eacnamaíoch go háitiúil agus cuireann sí sin di trína gníomhaíochtaí éagsúla. Tá sí freagrach as ceannach agus diúscairt talún, as suímh thionsclaíocha agus thráchtála a sholáthar lena n-áirítear siopaí comharsanachta, as díolachán suíomh laistigh de na Pleananna Cónasctha Limistéir (An Scéim um Athnuachan Uirbeach 1999), as bainistíocht phunann maoine na Comhairle agus as láithreáin thréigthe agus áiteanna agus déanmhais chontúirteacha a rialú.
Tacaíonn an Chomhairle le forbairt tráchtála agus gnó go hindíreach trí infreastruchtúr agus trí sheirbhísí riachtanacha a chur ar fáil agus go díreach trí thailte tionsclaíocha a chur ar fáil.
Leanann an Rannóg seo den idirchaidreamh leis an bpobal gnó in Áth Cliath Theas, lena n-áirítear an Cumann Lucht Tráchtála, grúpaí forbartha áitiúla, daoine aonair agus cuideachtaí, chun Áth Cliath Theas a chur chun cinn agus chun forbairt eacnamaíoch a éascú sa Chontae.
Cuireann an Rannóg um Fhorbairt Eacnamaíoch (i gcomhar le Rannóga eile) an cumas atá ag Áth Cliath Theas http://www.southdublin.ie maidir leis an Turasóireacht, leis na hEalaíona/leis an gCultúr, leis an Spórt agus an Fhóillíocht agus le tionscnaimh Uirbeacha agus Bailte chun cinn chomh maith.
Tuairimí nó Moltaí
Tuairimí nó Moltaí? Ba mhian linn aiseolas a fháil uait, le do thoil
Déan teagmháil leis an Rannóg um Fhorbairt Eacnamaíoch
Glaoigh ar 414 9000, le do thoil, más mian leat teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg um Fhorbairt Eacnamaíoch.
Nuacht
Nuacht
- Leabhar Comhbhróin Ar Líne
Tá Leabhar Comhbhróin Ar Líne ar fáil anois dóibh siúd atá ag iarraidh a comhbhrón a chuir in iúl do dhaoine na Polainne ar bhás tragóideach an tUachtarán Lech Kaczynski, a bhean cheile, Maria, …. - Dréachtphlean Oidhreachta do Chontae Átha Cliath Theas
Tá Dréachtphlean Oidhreachta réitithe agus ar fáil faoi láthair chun breathnú air nó trácht a dhéanamh air. Cuirfear fáilte roimh aighneachtaí i scríbhinn go dtí4pm ar an 30... - Seachtain Éiceolaíochta
Ábhar bróid do Chomhairle Contae Átha Cliath Theas a séú Seachtain Éiceolaíochta bhliantúil a fhógairt i mbliana i gcomhpháirt le Leabharlanna Chontae Átha Cliath Theas. Tá ... - Bruscar agus an Dlí: Treoir
Tá treoir áisiúil eisithe ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas faoi Bhruscar agus an Dlí Bíodh na freagrachtaí atá ort maidir le gníomhú in aghaidh an bhruscair ar eolas ag...

Forbairt Eacnamaíoch 