You are here: Baile arrow NASCADH

NASCADH
 

Is tionscnamh nua spreagúil de chuid Chomhairle Contae Átha Cliath Theas é NASCADH. Beidh Contae Átha Cliath Theas ar líne dá bharr agus cuirfidh sé ar chumas a chuid saoránach go léir teicneolaíocht a úsáid ar bhealaí nuálacha chun a gcuid spriocanna a bhaint amach agus chun ábhar an idirlín a athrú/a chruthú chun go mbeadh sé níos ábhartha don leas áitiúil agus do na riachtanais áitiúla. 

Is í an fhís atá ag NASCADH don todhchaí go n-úsáidfeadh gach uile dhuine i gContae Átha Cliath Theas an tIdirlíon mar uirlis laethúil chun a gcaighdeán saoil a fheabhsú, chun deiseanna a fhorbairt don fhoghlaim ar feadh an tsaoil, don fhóillíocht, don fhorbairt phearsanta agus shóisialta.    

Is réimse tionscadal é NASCADH a chuirfear i bhfeidhm i gContae Átha Cliath Theas. Cabhróidh an toradh a bheidh ar na tionscadail seo, agus iad ag obair i gcomhar, linn ár gcuspóirí a bhaint amach.

Úsáid an roghchlár ar clé chun teacht ar a thuilleadh eolais ar na tionscadail seo. 




Nuacht

Nuacht