You are here: Baile arrow Oifig na Gaeilge

Oifig na Gaeilge
 

Is iad seo a leanas na réimsí éagsúla a mbíonn baint ag an oifig seo leo: Acht na dTeangacha Oifigiúla, Scéim Teanga na Comhairle Contae, ranganna, bord na Gaeilge sa cheaintín, Seachtain na Gaeilge, aistriúchán ar dhoiciméid pholasaí, an t-idirlíon agus foirmeacha, eolas faoin nGaeilge i gComhairle Contae Átha Cliath Theas a chur ar fáil don phobal agus don fhoireann, cártaí eolais a chur ar fáil, teagmhálacha faoi Logainmneacha agus rud ar bith eile a bhféadfadh baint a bheith aige le réimse ginearálta na Gaeilge!!

Scéim Teanga ullmhaithe don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag Comhairle Contae Átha Claith Theas. Beidh an Scéim seo i bhfeidhm mar pholasaí anseo sa Chomhairle agus rachaidh sí i gcion, a bheag nó a mhór, ar gach rannóg. Beidh tréimhse feidhmithe trí bliana faoin scéim seo agus caithfear na spriocanna go léir a bheidh sainithe sa pholasaí a chur i gcrích sa tréimhse sin.

Aithníonn Comhairle Contae Átha Cliath Theas faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 go bhfuil sé de cheart ag ár gcustaiméirí agus ag an bpobal a rogha teanga a úsáid agus go ndéanfar freastal ar an gceart sin, más trí Bhéarla nó trí Ghaeilge sin, nuair a bheidh siad ag déileáil linn. Ceann de na príomhchuspóirí atá sa Scéim Teanga seo is ea go gcinntítear go gcuirfear seirbhísí poiblí ar chaighdeán níos airde ar fáil trí Ghaeilge mar gur teanga náisiúnta í agus gurb í céad teanga oifigiúil an Chontae í. Is mian le Comhairle Contae Átha Cliath Theas cultúr dátheangach a spreagadh agus a fhorbairt i ngach aon cheann dá hoifigí ionas go mbeidh ár gcustaiméirí ar a gcompord agus go mbeidh sé de mhisneach acu déileáil linn ina rogha teanga.

Má tá ceist nó tuairim agat tar i dteagmháil linn ag gaeilge@sdublincoco.ie





Nuacht

Nuacht